Scoil: Árd Mhór

Suíomh:
An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó Gleasáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 137

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 137

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Árd Mhór
  2. XML Leathanach 137
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”
  4. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an fear leis gan iad a bathadh san bhfairrge acht iad do caiteamh san tobar. Cuaidh sé go dtí an tobhar agus chait sé ann iad. Agus chuaid sé ag breatnughadh orta lá na bháirneach agus ní raibh siad san tobar agus is uata sin a fuair an tobar sin tobhar na seacht n-igean agus déirtear peirbh donnacha a bead ar an seachtad ingean gur bhfuil leigeas le fagáil aichi ann agus turas maith a déanamh ann
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá tobar beannuighthe toir i Ail na Bron ar an tugtar tobar Muire air. Sé an caoí a fuair sé an t-ainm sin. Bhí sagart in a gcomnuidhe i Ail na Bron agus la amáin connaic sé na daoine ag tobhairt túras ann agus d'firr sé doib ce'n fath a raibh siad ag tobhairt túras ag an tobar sin, agus dubhairt siad go raibh sé sin beannuighthe. D'firr sé doib an raibh fhíos aca ce'n caoí a raibh an tobar sin beannuighthe agus dubhairt siadh nach raibh fios aca. Annsin dubhairt an sagart leobh an cloch mór a bhí ós cionn an tobhar a caitheadh amach san bfairrge agus dhá mbéadh an tobar beannuighthe go mbéadh an cloc ar mullach an tobhar an maidin agus ar maidin bhí an cloc ar mullac an tobhar arist. Sin é an caoí atá an tobhar sin beannuighthe. Deir na sean daoine gur iad na laethe is fearr túras a tabhairt air an tobar na dia luain agus dia domhnaigh. Seo é an caoí a tughtar an túras faghann siad seacht cloca beaga agus gach uair
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Maolain
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe