Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 105](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0011%2FCBES_0011_105.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 105
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Mhór
- XML Leathanach 105
- XML “Áitainmneacha”
- XML “Áitainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)air amach go dtí mullach an cnoc mór seo.
Loch an Iarann:
Loch í seo atá suidhte ins an Áird Mhóir agus deirtear go raibh iarann le fághail timcheall ar an áit a bhfuil sí fadó.
Garraidh na Céardhtan:
In aice leis an bhfairrge atá an garraidhe seo agus déartar go raibh céardtan ann fadó. - An Clochar Mór:
Sé an fáth a tugadh an t-ainm sin air mar tá clochar mór ann agus tugadh an t-ainm sin ar an áit atá timcheall air.
An Teórainn
Ta an áit seo suidhte amuigh sa slilach agus sé an fáth a tugadh an t-ainm sin air mar do deanadh claidhe mór ann fadó agus nuair do thuit an claidhe d'fhág clocha ann agus tugadh an teórainn mar ainm air an áit.
An Garaidhe Árd
Tá an garaidhe seo i gCalladhmhuighinse agus tugadh an t-ainm sin air mar do bhí talamh árd ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghidh Ní Mhaoilchiaráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caladh Mhaínse, Co. na Gaillimhe