Scoil: Árd Mhór
- Suíomh:
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó Gleasáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo é an caoi a dhéantar ciseán. Théigheadh siad ar bainnt slat ar dtús. Nuair a bhíonns siad baint fagann siad in áit eicínt é nó go mbeadh siad roinnt searacaithe. Nuair a bhíodh siad roinnt searacaithe d'fhágaidís amuigh san mbaisteach iad ar feadh tamall. Thosuigheadh siad ag déanamh an ciseán annsin. Baineann siad sgraith as an talamh ar dtús agus saitheann siad slatracha síos ann. Snaoitheann siad na slatracha annsin nó gearrann siad iad. Is é an chéad rud eile a dhéanann siad ná an buine béil. Nuair a bhíonns tuairim is troigh dhe déanta tosuigheann siad ag déanamh na táisibh fágann siad poill i lár an ciseáin. Bíonn siad ag déanamh an ciseán annsin nó go mbíonn tuairim is ocht n-órlaigh déag ar aoirde. Déanann said an tóin nuair a bhíonns sé sin déanta aca fághann siad píosa rópa laidir agus ceanglaigheann siad ar an gciseán é tugtar cris ar an rópa seo a chuirtear air.
- Bailitheoir
- Brighid Ní Cheanndhubháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Cheanndhubháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe