Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 362
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí rí bréagach in Éirinn fadó agus bhí inghean aige. Ní raibh sé sásta a inghean a thabhairt d'aon fhear ach fear a thiubharfadh dhá bheithigh dhó. Do chinn sé ar gach fhear inghean an rí dfághail. Lá amháin dubhairt fear le na athair agus le na mháthair go ngabhfadh sé go dtí an rí bréagach ach ní raibh a mhuintor sasta mar cheap siad nach raibh aon bhaoghal go bhfuigheadh sé í.
Mar sin féin bhuail sé leis. Chuaidh sé go dtí teach an Rí agus fáiltuigheadh roimhe. Lá ar na bháireach thug an rí amach go dtí garraidhe cabáiste an fear. 'Síomáin' an t-ainm a bhí ar an bhfear. 'An bhfaca tú aon gharraidhe cabáiste ariamh' a deir an rí le Síomáin chomh breagh leis sin?' 'Muise go deimhin chonnaiceas' a deir Síomáin. 'Cá bhfaca tú é' a deir an rí. 'Againn fhein sa mbaile' a deir Síomáin. 'Cén chaoi a bhfuil tú in ann a rádh go bhfuil sé nios fearr ná é sin?'
Annsin a deir Síomáin uair amháin chuaidh mé féin agus mo dhearbhráthair amach ar maidin Dé Luain agus dhá thuaith againn ag baint meall cabaiste. Tráthnóna deireannach Dé Sathairn a bhí an meall bainte againn. 'Thug tú t-éitheach' a deir an rí. 'Is maith liom go ndubhairt tú é ' a deir Síomáin sin .....dé t-inghean agam. Lá ar na bhaireach thug an rí amach aríst Síomáin go dtí cruach móna. 'An bhfaca tú aon chruach móna ariamh' a deir an rí 'chomh breagh léithe sin?' 'Muise go deimhin chonnaiceas' a deir Síomáin.
'Cá bhfaca tú é' a deir Síomáin. Cén chaoi a bhfuil tú in ann a rádh go bhfuil sé níos breaghtha ná í sin a deir an rí. An cearc a sgaoilfeadh muid amach as an sgioból ar maidin bíodh sé ag dul suas ar an gcruach agus nuair a thiocfadh an oidhche bhíodh si ag piocadh na réalta de'n aer(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Maoilchiaráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Roisín na Mainiach, Co. na Gaillimhe