Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)léi, nach raibh sé cionntach ar chor ar bith- nach ndearna sé tada ach píosa a bhaint as cóta an fhir a rinne é. Thug sé an píosa dhóibh agus dubhairt leo rith agus go dtiocfadh siad suas leis. Bhí an ceart aige. Gabhadh an dúnmharbhuightheoir agus cuireadh i bpríosún é.
D'imthigh an fear eile leis, agus ba ghearr an t-achar a bhí siubhalta aige nuair a casadh beirt fhear air agus d'fhiafruigh dhe an dtiocfadh sé an t-aithghiorra leo. Shiubhal sé leo tamaillín, agus annsin ar an bpoinnte boise chuimhnigh sé ar chomhairle an fheilméara. Chas sé ar ais agus chuaidh sé an t-slighe fhada. Ní fada gur chuala sé béicigheal agus caoineadh agus sgreadadh ó'n mbeirt fhear. Robáilte a bhíodar ag daoine a bhí ag dul thart ins na sléibhte.
Sa deire thiar thall shroich an fear a áit dhúthchais go slán. Bhí a bhean in a codladh, agus an mac a rugadh dó an oidhche a d'fhág sé an teach, bhí sé in a fhear óg agus féasóg fhada air. Tháinig sé roimhe ar an toirt é do mharbhú, ach mar sin féin chuimhnigh sé ar chomhairle an fheilméara, sé sin gan tada a dhéanamh san oidhche mar go bhfeicfidhe ar maidin é. Ar maidin nuair a dhúisigh sé cuireadh in iúl dó gurbh é a mhac féin a bhí ann agus geallaim dhuit go raibh áthas air nár mharbhuigh sé é. Ag an mbricfeasta ghearr an bhean an cáca, agus thuit a raibh d'airgead saothruighthe ag an bhfear amach as. Bhí iongnadh agus áthas an domhain orra go léir ní nárbh iongnadh.- Bailitheoir
- Aine Ní Cárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 10