Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 388

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 388

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 388
  3. XML “Ainmneacha Áite”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Dúe Leitir:- Sé an fáth gur tugadh air é mar tá go leor fraoch agus aiteann ann.
    Cloch a' Míle:- Sé an fáth gur tugadh air é mar míle ón gcloch sin go dtí an cros bhóthar.
    Cnoc - Buidhe:- Sé an fáth gur tugadh air é mar bhí gluaisteán ag dul soir tríd an sliabh sin.
    An Tailéar :- Sé an fáth gur tugadh air é mar tá fánán mór díreach ann agus go leor clocha.
    Garrdha - Dearg:- Sé an fáth gur tugadh air é mar geata dearg air agus nil aon chloch ann.
    Cnoc beag Chata? :- Sé an fáth gur tugadh air é mar bhí cait? ag dul thart ann uair amháin agus stadadar? ann agus tugadh Cnoc beag chata? air
    Cloch an Taibhse -Sé an fáth gur tugadh air é mar bhí daoine ag dul thar an gcloch agus bhídís ag éisteacht leis an gcaint istigh sa gcloch.
    An Tadhbach :- Sé an fáth gur tugadh air é mar ní féidir le haon duine siubhal air.
    Clochar Sheáin Uí Chaoila:- Bhíodh fear agus éadach bán air san oidhche le feiceáil ann.
    Gleann Mór:- Gleann mór atá idir dhá chnoc ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Roisín na Mainiach, Co. na Gaillimhe
    Bailitheoir
    Bairbre Ní Donnchadha
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Roisín na Mainiach, Co. na Gaillimhe