Scoil: An Clochar i gCárna

Suíomh:
Carna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 430

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 430

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar i gCárna
  2. XML Leathanach 430
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    duine. Gach maidin 'na dhiaidh sin bhíodh an bheirt aca ag tóruidheacht na leapan agus d'fhághaidís an choróin agus roinnfeadh siad eatortha í i gcómhnaidhe. Bhí siad an-saibhir annsin agus an-chuimse airgid aca agus lá amháin tháinig siad go dtí cros-bhóthar agus chuaidh duine aca soir agus duine eile aca siar. Ba ghearr an t-achar a bhí siubhalta ag duine aca nó gur asadh inghin rí dhó agus bhí sé ráidhte nach raibh aon imirtheoir ar an domhan chomh maith léithe agus níor fhág sí pingin aige nár bhuaidh sí air. D'imthigh sé leis annsin agus casadh a dhearbhráthair dhó agus thug sé slam airgid dhó.
    Nuair a fuair sé an t-airgead chuaidh sé a imirt arís léithe agus bhí sé ag buadhadh uirthi go dtí nach raibh pingin ruadh aice. Dubhairt an fear léithe annsin an n-imreochadh sí an rud a bhí 'na bolgleis agus bhuail se bos sa droim uirthi agus chuir sé a croidhe ar a bos agus d'ith sé féin é. Dubhairt an rí annsin fear ar bith a mbeadh inann airgead a mbuaidhea ar a inghin go gcaithfeadh sé í phósadh. Annsin phósadar agus chaitheadar bainís seacht n-oidhche agus seacht lá agus ní rabhas cé ab'fhearr an chéad oidhche nó an oidhche deireannach. Bhí blas na meala ar gach aon greim agus gan aon ghreim tor. Bhíodar ag teacht nó go dtáinig seacht gcéad ridire an bhaird fada, ocht gcéad ridire an bhaird mhóir, naoi gcéad ridire bhaird na boichte, agus deich gcéad ridire bhaird na diagachta. Ghabh siad-san an t-ádh agus ghabh mise an clochán báthadh iad-san agus tháinig mise. Níor thugadar dhom-sa ach bróga páipéir, stocaí bainne reamhar, bonn is leath-phingin airgid a d'ólas tigh Chonchubhar i gcathair Mhuiris. Bhí an coileach ag rith orm agus dá mbeireadh an chearc orm ní fhágadh sí deoir ionnam.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0567: The Magic Bird‑Heart
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Nic an Iomaire
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Coillín, Co. na Gaillimhe