Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 463
- XML “Seanráite”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ná bí ag sgeannadh na bhfataí.
Tá cosán dearg déanta agat ag dul ar chuaird ann.
Geibhfidh mé gnó dhe uair éigin.
Is fearr an t-ádh ná éirí go moch.
Fé choimirce Dé, is Muire is Colmcille thú.
Is fada an lá tuillte agat é.
Ní bhfuighe tú é go bhfuigheadh Pól a shúil.
Níl mé in a dhiaidh ort.
Ní féidir leat fanacht socair, ach tú mar bheadh cat i mála.
Chomh siúráilte is atá súil ar asal.
Déanamh gach rud is gan tú ach ag caint.
Níl do leithéid le fághail ó Cheann Léime go Gaillimh.
Tá sé chomh fíor le caint Sasanaigh.
Tá tú i do libín leis an mbáisteach.
Is geall le luch báidhte ag teacht thú.
Ní fiú uisge na gcos thú.
Ní fiú thú an splannc a thógáil de do chos.
Is diabhalta fuar an lá é.
Dhéanfá cat is dhá ruball, is ruball le cois is gan tú in don tada a dhéanamh.- Bailitheoir
- Máire Ní Bhrian
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Roisín an Bholgáin, Co. na Gaillimhe