Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochar i gCárna
- XML Leathanach 465
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)istigh roimpi ach bean bhocht agus a mac. D'iarr sí déirce ar bhean an tigh agus ní raibh le tabhairt di ach dhá cháca agus dhá bhuidéal fíona. Dubhairt bean an tigh leithe fanacht in éindigh leithe cúpla lá agus d'fhan.
Bhí sí ag imtheacht léithe go deo go deo nó go bhfaca sí solas beag tamall uaithe agus do thriall sí air. Céard a bheadh ann ach teach mór breagh saidhbhir. Bhuail sí an doras agus dubhairt 'leid isteach mé' ach ní bhfuair sí aon fhreagra.
D'oscail sí féin an doras agus isteach léithe. Bhí teine bhreagh mhór ar an teallach ann agus pota crochta os cionn na teine agus píosa breagh feola ag bruith ann. Bhí lampa crochta ar an mballa ann agus mara raibh solas air ní lá go maidin é. Bhain sí an clár den phota agus bhlas den fheoil. 'By dad' a deir sí 'nior bhlas mé d'aon fheoil ariamh mar an fheoil sin agus mara bhfuil mise as meabhair ní feoil ainmhidhthe é sin ach feoil duine. D'oscail sí doras an tseomra agus bhreathnuigh sí siar agus céard a bheadh ann ach bean mharbh ar bhord ann. Chonnaic sí poll beag ar thaobh an bhaile agus bhreathnuigh sí síos ann agus céard a bheadh thíos ann ach píosa talmhan.
Shuidh sí síos ar stól le taobh na teine. Is gearr gur airigh sí torann mór ag teacht agus síos léithe ins an bpoll talmhan.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Mhaoilchiaráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Roisín na Mainiach, Co. na Gaillimhe