Scoil: An Clochar i gCárna
- Suíomh:
- Carna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 471](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0011%2FCBES_0011_471.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0011, Leathanach 471
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Rí i gCúige Laighean fadó agus bhí seachtar inghean aige. Nuair a tháinig Naomh Pádraic go hÉirinn bhaist sé iad agus rinne sé mná-riaghalta díobh. D'imthigh siad leo ag múineadh an chreidimh agus tháinig siad go Conamara. Gach áit a shuidheadh siad síos ag leigint a sgíth thagadh tobar beannuighthe ann agus thógadh na daoine leachta ann. Chuaidh siad isteach ar an oileán Máisiún roimh éirighe gréine agus nuair a d'éirigh na daoine, chonnaic siad seacht gcosán ag dul go dtí an tobar beannuighthe. Tá tobar eile i Máigh Inis agus i lán áiteanna ar fud Chonamara.
- Conas tras-scríobh a dhéanamh »Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.