Scoil: Cromghlinn (B) (uimhir rolla 12606)
- Suíomh:
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Donnchadha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 222](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0082%2FCBES_0082_222.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 222
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)do bhiodh ins na tighthibh agus do bhí ann, teintean i lár ann treas-bhalla idir an cistinighe agus an seomra codhlata. As slataí as dób buidhe no muirteal a rinneadh an t-simhne. Bhiodh cliathacha no cláracha i gcuid aca. Níl aon eolas ag na sean-daoinigh go raibh an teine i lár an urlár i dtigh ar bith.
Doras amháin do bhiodh ins an cuid is mo des na tighthibh. Do bhiodh an doras sin san gcistinigh in aice le binn an tighe. Do dunadhís an doras le maide éamon. Dó bhí leath-doras aca freisin cun an cearca a coingbhéal as an tigh sa ló.
Dhá fhuinneóig a bhiodh in gach tigh beagnach, agus ba mhinic iad ar cúl an tíghe. Bhidís an-bheag, b'féidir go mbeadh cearc inn ann, dul amach trid ceann agus ní móide. Má bhí gloine ins an bhfuinneoig, ba mhinic a bféidir i a fhoscailt mar doras chun na cearca a leigint amach agus isteach.
Marla bán no dób buidhe a bhiodh mar mianach san urlar agus bhiodh leacacha móra san teaglach. Móin no sgrathacha a dóigtí san teine. Sguilbh guimhaise a bhiodh aca mar solas i dtosa[ch.]- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Laithmhe
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cromghlinn, Co. na Gaillimhe