Scoil: Árd Aoibhinn
- Suíomh:
- An tArd Aoibhinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Dll. De Grás
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Aoibhinn
- XML Leathanach 080
- XML “Ainmneacha Áiteanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fadó, agus chuala mé sean-fhear á rádh go bhfuil aon oidhche fé leith san mbliadhain, go mbíonn sidheóga le cloisteál ag cainnt san ngleann sin.
Coille Ricard:- Fuair an choill sin a h-ainm ó fhear an-uasal ar a dtugadh Ricárd. Aon la breagh Samhraidh chuir sé a lán plandaí thart thimcheall a tighe, agus dubhairt sé le n-a mhnaoi "nuair a bhéidh mise sean béidh na plandaí seo go h -árd."Nuair a bhí sé ag dul in aois, aon lá amháin, chuaidh sé amach ag breathnú ar an gcoill breág a bhí aige. Lá gaothmhar a bhí ann, agus bhí an gaoth ag séideadh go fíochmhar agus sul ar tháinig an sean-fhear isteach thuit ceann de na crannta air agus marbhuigheadh é.
Lios na gCaorach: Sin lios eile cúpla míle ó Roscomáin agus chuala mé go bhfuair suas le céad caorach bás leis an ocras ann fadó. Tá tobar fíor-uisge ann anois, agus chuala mé sean-bhean á rádh nach bhfuil sé ceart do aon duine deoch a fhágháil as.Dubhairt sí go raibh fear ag teacht abhaile ó'n aonach aon lá amháin, agus go raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Ní Dhubhghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Currach Mhaolmhuire, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Dubhghaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Currach Mhaolmhuire, Co. na Gaillimhe