Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Suíomh:
An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cathal Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 197

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 197

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Leathanach 197
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    reir mar dárduigheadh nó dísligheadh glór na gaoithe. Fear árd do bhí ann, súile fiadhaine aighe agus a chuid éadaigh beagnach ina mbalcaisibh . Do bhí saghas eagla orm roimhe nuair tháinigh sé isteach agus níor luighde m'eagla a sgéal. Na trí feitidí is beannuighthe ar an domhain ar's an fear siubhail an chadhóg an spideóigín agus bó dé agus ní trí féididí is malluighthe ar an domhain an nathair nimhe an dreoillín agus an dearg daol agus sé an dearg daol an feithide is malluighthe aca. Is agamsa atha fhios sin. Dá marbhochadh fear do mach a bean an tighe ná tabhair dearg daol mar ainm air. Dá dtiocfadh bean idir tú féin agus do chéile leapthan ná cuir i gcomórtas leis dearg daol í. Nuair a bhí mise mó sgúrach ar's an fear siubhail, bhí bean ar an bpobal againne a raibh faitchíos ar cuile duine roimpí. I bothán uaigneach í mám slelibhe a bhí comhnaidhe uirth. Ní gabhadh aon duine í bhfoigseacht dá teach duine ar bith eile. Ní labhruighthe léithe nuair a costaoí do dhuine ar an mbóthar í. Ní chuiread sise focal na fairnéis ar dhuine ar bith. Badh truag leat an creatúr a feiceal agus í ag gabhail an bóthair ina haonar. Is bean malluighthe í. Céard a rinne sí nó cé a cuir an mallacht uirth adeirinn sé. Sagart Dé a cur an mallacht uirí a deireadh mó mháthair. Níl fhios ag duine ar bith céard a rinne sí agus sin a bhfaireas deólas ina taoibh go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Ulcín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Cáit Bean Uí Ulcín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    58
    Seoladh
    An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe