Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 230
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- San am fad ó bhí fear agus a bhean i na suidhe cois na teineadh oidhche Shamhna. Bhíodar an bhocht, ní raibh aca i gcóir a suipéir acht píosa beag bagúin a bhí san bfríochtán ar an teinidh. Bhíodar ag ceasacht i dtaobh an míd-ábha bhí orra iad bheith chomh bocht nuair a cualadar ceóil an bhinn dá sheinim ar píobaí thuas san similéar. D'feicadar suas agus connacadar fear beag i na suidhe ar bhata an chrucha. Bhí caipín dearg air, cóta uaithne bríste buidhe stocaí bána agus bróga deasa agus buchlaí móra airgid ortha. Do stad an fear beag de'n ceól annsin agus sé chuala mé sibh a radh go raibh sibh an bocht gan saidbhreas gan airgid. Anois beidh trí guidhe agaibh agus pe rádh is maith sibh d'fhágail níl le déanamh agaibh acht a rádh gur maith libh é, agus geobadh sibh ar a bpoinnte é. Tháinig iongradh an domhain ar an bfear bocht agus ar a mhnaoi. Ní raibh fíos aca caide an rud(leanann ar an chéad leathanach eile)