Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 244
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann darbh ainm Tomás Ó Aodhgáin in a cómhnuidhe i Baile Móinín. Oidhche amháin tháínig neac cuige agus dubhairt sé leis má théigheann sé go droicead Luimnighe go bfuidheadh sé a saidhbhireas annsin. Bhí sé tamaill fada ag smaoineadh air féin céard a dhéanfadh sé agus lá amháin d'imthigh sé agus níor stad sé gur sroic sé droicead Luimnighe. Nuair a srois sé droicead Luimnighe caith sé lá ag dul soir agus siar go dtáinigh an tráthnóna. Bhí teach gréasuidhe in aice le ceann an droicead. Nuair a bhí an oidhche ag teacht chuaidh sé go dtí teac an gréasuidhe. D'iarr an gréasuidhe air cad a bhí uaidh. Dubhairt sé gur tháinig neac cuige san oidhche agus dubhairt sé leis a dul go droicead Luimnighe agus go bfuigheadh sé a saidbhireas ann. Ó is fada an lá a dubhairt neac liomsa a deir an gréasuidhe má théigheann mé go sean Baile Móinín go bhfuighfead mo saidhbhireas fó bhun sceabh a bhí í ngarrdha Tomás Ó Aodhgáin. Annsin do creid Tomás gach nídh a dubhairt an neac leis agus chuaidh sé abhaile agus ní raibh sé í bfad sa mbaile nuair a thosuigh sé ag rómhair fé bhun sgeac agus bhí sé tamaill fada ag rómhair go bhfuair sé crocha agus é lán le óir agus dfágh sin é go saidhbir go bfuair bás.
- Bailitheoir
- Áine Ní Craith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padraig Ó Comáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe