Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 262
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ina cómhnuidhe i Clanna Caoilte fadó. Máire an tainm a bhí uirri. Ní raibh sa teach aice ach i féin. Bhí a teach in aice caisleán. Bhí faithchíos air an bhean bheith ag cómhnuidhe annsin mar ní raibh aon teach in aice leithí. An oidhche seo bhí sí ag dul ar cuairt mar ba gnáth leithí. Ní bheith faitchíos uirri cor ar bith ag dul ar cuairt ach beith faitchíos uirri ag teacht abhaile mar gheall ar an caisleán. An oidhche seo bhí sí timcheall trí a clog agus í ag teacht abhaile in aice leis an caisleán agus céard a tith amach as ach sidheóg agus í ag damhsa. Is beag nár thuit an bhean i bhfantais nuair a chonnaic sí céard a bhí lé'n a thaobh, agus dubhairt an sidheóg leithí,- bíonn tusa ag dul thart gach oidhche agus má fheiceann mé tú as seo amach beidh tú in a sidheóg agus as sin amach ní raibh an bhean ag dul ar cuairt.
- Bailitheoir
- Síghle Ní Coileáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraigh Ó Comán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe