Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 278
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)maighistir seo ann cruaidh ar na daoine bochta í gcomhnuidhe agus ní raibh aon áird aige ar an bfear ná ar a mhac. Sé dubairt sé mar magad faoi'n bhfear. Cuir do mac thriall ar gaduidhe éigin agus fóghluimigheadh sé an gaduideacht uaidh. Cuaidh an sean-fhear abhaile go breágh socair réidh, ag smaoinead go doimhin ar an gcomhairle a thug an máighistir dó. Lá ar an bhárac thug sé agaidh ar an mbaile mór agus a mac í n-éinfeact leis ar lorg gaduidhe. Fuair siad amach fear de'n dream sin gan aon stró. Dfág an t-athar slán ag a mhac agus cuaidh sé abhaile in a aonar. An oidhche sin go deireannach rug an gaduidhe greim láimhe ar Tomáisín agus dubhair leis. Teanaim ort anois agus tiubhraidh mé chéad ceacht duit. Bhíodar ag amtheact agus ag síor imteact leó í n-uaigneas na h-oidhche agus ní raibh fhios ag Tomaisín bocht cá raibh a dtriall. Faoí dheireadh tháinig siad go teach beag ar thaobh an bóthair. Stad an gadhuidhe go h-abhann, Anois ar seisean, caithfimíd an teach seo a robáil. Leigfidh mé tusa síos an simleár leis an rópa seo, agus caitfidh tú an áit a cuardac agus má thagann tú ar aon rud maith cuir isteac san mála seo é. Ceangail sé an rópa thart fá chom Tomáisín agus léig(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine Ní Craith
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Comáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe