Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 284
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a caitheadh isteach í bpáirc ag leómhan nach bhfuair aon biadh le trí lá. Nuair a tháinig an lá tugadh Androcles isteach í lár na páirce agus leigeadh an leomhan buile amach chuige. Connaic Androcles an leomhan agus bhí sé i n-deiread a anma, le neart sgannradh. Dféac an leomhan timcheall agus leag sé súil ar an bhfear í lár na páirce. D'eirigh gach ribe fionnadh air. Nocht sé a cuid fiacal. Thóg sé a ruball í n-áirde agus súid leis ar cos in áirde, fé dhein an sgabuidhe chraidhte. Nuair a tháinig sé in aice leis i n-ionad é strachad as a chéille céard a rinne sé acht luighe síos go cneasta ag a cosa agus thosnuigeadh ag lútháil air. Bhí iongantas agus áthas mór ar na daoine a bhí cruinnighte taobh amuigh de'n fháil acht ba mó go mór ná sin an t-iongantas a bhí ar a maighistir. Cuireadh an leomhan isteach ar ais agus tugadh Androcles os comhair a maighistir agus na daoine go léir. D'innis an sglabhuidhe bocht a sgéal tríd síos. Dubhairt sé gur bé sin an leomhan gur leisuigh sé a chos sa choill. Glac a maighistir truagh dó. Bhronn sé an leomhan air, agus leig sé saor é.
- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Neachtain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Neachtain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 76
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe