Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 290
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amach agus tosuigh sé ag ól bhí sé méan oidhche nuair a bhí sé ag teacht abhaile. Nuair a tháinig sé inaice le Gleann a Sgáil casadh sgata sideoga leis. Díarr síad ar teacht inféacht leó ag bualadh baire go Caioc Meadha in agaibh Sgata sidheoga as Co. Muigheó. Ann báireár a bhí in Stiopeán agus dubhairt sé go rachadh sé infeacht leó agus fáilte. Cuir siad ag marcuigheacht ar capall é agus bhí sé síos i Crioc Meadha ar an bpointe baise. Thosuigh an báire agus mireal ar Stopheán a bheith infheacht leó gro síad. Bhí an athas ar an Caiptín agus dubhairt sé le Stiophéan go dtúireach sé le Stiopheán go dtúireach sé ruid ar bith dó ba maith leis. Comnuighe Stiopheán ar féin agus dineas sé don caiptín céard a thárla dhó an lá roimhe sin. Dubhairt an caiptín bá druigtheán don Tíarna Tallamhain é. Sgriobh sé litir dhó agus thug Stiopheán an litir don Tíarna Tallamhain. Nuair a connaic sé an litir doinigh sé laimh sgrineóracha a druighthear agus is béag nar thuit sé as a seasamh agus thug sé an tallamh go Stiophéan gan aon cíos go brách.
- Bailitheoir
- Máire Ní Ulcín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Padhraig Ó Comáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70