Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 299](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0019%2FCBES_0019_299.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0019, Leathanach 299
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 299
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sí isteach ann. Dimthigh sé annsin agus nuair a tháinig sé d'fiafruigh sé dí an ndeacha sí isteach san seómra nár ghafad sé eochair aice le n-aghaidh agus dubhairt sé nach ndeacha. Bhuell adeir sé is gearr go mb'fios agamsa an ndeachaid. Chuaidh sé go dtí an seómra annsin agus chonnaic sé go leor fuil ar áit an eochair. Rith se anuas chuig Máire ar an bpoinnte agus dubhairt sé leithí.- "Anois nár rabhas agamsa go maith go raibh tú istigh ann. " Dubhairt Máire nár raibh ach dubhairt seisean go raibh. Ní dhubhairt an bean nios mó agus tháinig a dearbhsiuir Nóra isteach agus chuadhadar suas an staidhre. Thosuigh Nóra ag déanamh braitlín. Bhí beirt dearbhráthair leó ins na saighdiúir agus fuair na dearbhriuirí litir uaithe a rádh go rabhadar ag teacht ar cúairt chucha. Is gearr gur glaoidh a fear ar Máire agus bhí sé ag gearú a claidheamh agus dubhairt sé leithí go raibh se le í a marbhúghadh. "Ar son Dé" adeir sí agus leig cead dom cúpla paidir a rádh. Chuaidh sí go dtí a dhearbhsiuir Nóra aríst agus dubairt sí leithí go raibh a fear le í a marbhughadh. Dféach Nora amach tríd an fhuinneóg ag féacaint a raibh an mbeirt dearbhráthair ag teacht. D'órduigh a fear de Máire a theacht anuas chuighe. Ach dubhairt sí leis í fhághail ann píosa eile. Bhí an oireadh sin faitchíos uirrthí is nuair a corruigh an fear a chosa gur rith sí chuige. Glaoidh se aríst ar Máire agus rith sí chuighe agus bhí an claidheamh ina lámh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Comán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe