Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Ainbhthin
- XML Leathanach 346
- XML “Laethanta Áirithe”
- XML “Laethanta Áirithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn go leor nósanna agus laetheanntha áirithe ag na sean daoine.
Níor maith leo gruaig nó ingní aon duine san teach a gearradh ar an Luan. Níor mhaith leo caoire mhaith leo snáithe a dheilbh an la sin ach oireadh.
Is maith leo síol a chur ar Aoine a Céasta agus deireann siad pe'r bí cé'n sórt síol é go bhfásfaidh sé an lá sin, Deireann siadn an rann seo idtaobh pósadh:- Luain soir, Satharn siar, is Diardaon sona soir nó siar.- Bailitheoir
- Máire Breathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bean an Bhreathnaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe
- Is iomdha pisreog atá ag daoine thart annseo faoi laetheannta na seachtmhaine agus laetheannta áirithe sa mbliadhain.
Deireann daoine nach ceart leigheas nua a thabhairt do rud ar bith ar an Domhnach, Deireann daoine nach ceart aon fhuil a dhoirteadh ar an Luan agus go mbeadh an t-ádh ar daoine a pósfar ar an Luan nó ar an Diardaoin.(leanann ar an chéad leathanach eile)