Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)oidhche chuireadh siad mála tuighe ann. Nuair a bhéiread bó thiubhraidh siad isteach san theach í, agus chuireadh siad í seomra beag i a bhí fan teach nach raibh fuinneóg ar bith air. Tíghthe gan binn ar bith a bhíodh aca. Bhíodh da doras air, ach bhíodh Maide Éamonn le ceann aca í gcomhnuidhe, agus d'fágadh siad duinnte é i gcomhnuidhe. Bhiodh bord, cathaoir, agus cúpla stóilín beag san gcistineach. Bhíodh stól fada aca agus codluigheadh fear an tighe ann.
- Biodh dlighe ag muintir Shasana go gcaitheadh saighdiúirí an darna leabadh a b'fhearr sa teach a fhághail. Tháinig saighdiúir chuig teach agus dubhairt sé go gcaithfeadh se an darna leabaidh a fhághail. "geobhaidh tú sin agus fáilte" arsa fear a tighe, "ach fágfaidh sin Diarmuid fuar anocht." Is gearr go dtáinic D'iarmuid ag gnuascht ag an doras. "Nil aon áit istigh agat anoct" arsan fear mar caithfidh an saighdiúir do leabaidh a fhághailt. D'eirigh an saighdiúir do agus dubhairt sé "muna a bhfuil aon áit agam le codhladh acht leabaidh na muice ní bheidh me annseo" Amach leis agus ní g(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Bhreathnach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Machaire Beag, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamús Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Seoladh
- An Machaire Beag, Co. na Gaillimhe