Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)

Suíomh:
Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 384

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 384

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Ainbhthin
  2. XML Leathanach 384
  3. XML “Féilte na Bliana”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bionn spórt mhór ag an aos óg gach Oidhche Shamhna. Bíonn siad ag tumadh agus bíonn na trí fó-chupáin aca freisin. Bíonn uisge i gceann aca agus fáinne i gceann eile agus cré ins an gceann eile. Cuireann páiste púicín air. Bíonn sé ag cur a láimh ins na fó-chupáin. Má chuireann duine a lámh ins an gcré gheobhfaidh sé bás roimh Oidhche Shamhna arís. Má chuireann sé a lámh ins an uisce rachaidh sé thar sáile agus má chuireann sé a lámh ins an gceann a bhfuil an fáinne ann pósfar é. Bíonn cna aca agus cuireann siad ainm cailín ar ceann aca agus ainm buachaill ar ceann eile. Cuireann siad na cna ins an teine agus má léimeann siad lé céile pósfar iad, acht má léimeann siad ó na chéile ní pósfar iad. Milleann na buachaillí go leór cabáiste an oidhche sin. Caitheann siad ar an mbóthar an cabáiste agus bíonn brat bán cabáiste ar an mbóthar ar nós sneachta ar maidin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Bhreathnach
    Inscne
    Baineann
    Aois
    15
    Seoladh
    An Dún, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Peadar Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    An Dún, Co. na Gaillimhe