Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)

Suíomh:
Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 433

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 433

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Ainbhthin
  2. XML Leathanach 433
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí na tíghthe an-bheag ar fad fadó. Botháin a bhí ionnta. Bhíodar déanta as láib agus bhí na ballaí tiugh. Bhí na h-urláior déanta as lathaigh, freisin, agus bhíodar clúdaighthe lé cíb. Bhí poll deataighe aca í lar an tíghe gan aon tsimléar ar bith. Ní raibh san tígh acht seomra agus cistineach. Bhí an drisiúr ag déanamh balla idir an seomra agus an chistineach. Bhí na ba istigh san teach, ceangailte de'n drisiúr agus bhíodh na muca agus na h-asail istigh san mbothán.
    Bhí leabaidh san gcistineach aca fadó. Bhíodh Punann aca faoí'n a gcloigne aca. Bhíodh leabhaidh san tseomra aca agus nuair a bhíodh siad ag dul a chodladh d'osclóchadh siad é agus dhunfhadh siad é an maidin a bhíodh sé mar cathaoir aca. Bhíodh na fuinneóga an bheag fadó. Ní bhíodh mórán fuinneóga ann cor a bith fadó. Ní bhíodh aca, act beart féir nó mála a chuireadh siad isteach san bhfuinneóig, agus bhaineadh siad amach san ló é. Ní bhíodh acht aon doras amháin aca agus is é an t-ainm do bhí ar an doras, "Doras Tosaigh. Bhíodh mhóin agus maide lé dóghadh, sa teine. Ní leis an sléan anghearradh siad í fadó, acht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. an teach cónaithe (~2,723)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Laidhigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádhraigh Ó Laidhigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    67
    Seoladh
    Ros Cathail, Co. na Gaillimhe