Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)

Suíomh:
Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 375

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0067, Leathanach 375

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Ainbhthin
  2. XML Leathanach 375
  3. XML “Luibheanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá leigheas ins an slánlus i gcóir bunnóg, a bhíonns ar chois dhuine. Tá dath uaithne air agus tá sé fada. Cuirtear billeogaí eidhean ar nioscóídí uaireannta. Tá leigheas ins an ngáirleog do'n Eitinn.
    Fásann plannda tríd an gcoirce ar a dtugtar Glunach Dhearg agus dá mbeitheá ag ceangailt coírce agus do mhéaracha a chur in aice le do shúile scólfadh sé iad, ach ní dhéanann sé aon dochar do'n coirce sílim.
    Itheann go leor daoine carraigín, mar tá sé go maith le h-aghaidh slaghdháin. Planndaí eile a itheanns na daoine an Duileasc, Samha agus Biolra. Fásann an Biolra in aice le fior-uisge agus is deas an plannda é le n-ithe. Cuireann said sallann air agus itheann siad amh (?) é. Itheann na beithigh gach sórt plannda a bhíonns ag fás ins an áit a mbíonn siad ag ithe agus ní dhéanann sé aon dochar dóibh. Tugann na daoine neanntógaí dona lachain beaga chun iad a bheathughadh. Tá leigheas ins a ' gcupóig sráide i gcóir doghadh neanntóige. Tá nimh ins na méarágaí (?) a bhíonns ag fás ar thaobh an bhothair. Deir daoine go bhfuil
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Breathnach
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Dún, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Breathnach
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    An Dún, Co. na Gaillimhe