Scoil: Cill Ainbhthin (uimhir rolla 14591)
- Suíomh:
- Cill Aithnín, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Aoife Bean Mhic Dhonnchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí go leor ceardcha timcheall na h-áite seo fado deirtear. Do bhí Ceardcha ins an áit a bhfuil an halla anois agus is é Eamonn Ó Laidhigh a bhí ina ghabha ann. Do chomhnuidh Réamonn O Láidhigh i nGort na gCruac agus ba iad gaibhne a muinntir roimhe. Ní thagadh sé abhaile chor ar bith cuid de na oidhche ach theigheadh sé a codhlad ins an gceardcha. Tá garraidhe ins an áit sin anois agus tugtar Garraidh na Ceardhcan air. Do bhí ghabha an-láidir ina chomnuidhe í nDún fadó agus bhí sé indhon cruadh a déanamh agus láidhe a déanamh as. Ins na laetheannta sin ní bhiodh aca ach láidhe déanta as cruadh agus bhiodh siad comh trom is nár fhead ar bith obair anois leis.Eibhlín Ní Allmhuráin
Ros Cathail- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Allmhuráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Aindréis Breathnach
- Aois
- 85
- Seoladh
- Ros Cathail, Co. na Gaillimhe