Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)
- Suíomh:
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Tomhnra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tuairín
- XML Leathanach 020
- XML “Nóra Bhán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tráthnóinín déarnach Dia Luain is é a' báisteach
'Seadh Casadh tígh Sheáin mé agus shuidh mé síos
'Seadh dhearc mé an óig bhean sa gclúid taobh thall dhíom
Ba ró dheas a gáire is a leagan súl.Ní raibh fhios agam cé ghár díobh í
Nó le Frank Conghaile an cailín breágh
Bhí a ghruaig trí lasa ar dhath an Óir buidhe
Is ba ghille a breághacta ná an Eala ar snámh.Ba mhaith an teach é tígh Frank Conghaile
A déarfadh an muintir abhí ag tarraingt ann
Bhí fuisge fairsing ann is "punch" dhá Roinnt ann
Agus biadh gan Cúntas ag fear le fághailBhí Máighistear scoile aca 'sa teach i gcomhnuidhe
Agus bhí sí fóghluimte ar leabhar is ar pheann
Nár mhór an peacadh í a bheith ar thamhnach sléibhe
Gan í a bheith gléasta le síoda bánNac é mó lean géar gan mé chó h-óg leat
Is cúig mhilliún óir agam ar mo láimh
Do threabhfainn cnuic leat agus ghreadfainn bóithre
Agus Chuirfinn in do Chóiste thú A Nóra bhánTá an "fleet" ar fairrge is na soithigh seóla(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Tomhnra
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Cóilín Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe