Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 042

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 042

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 042
  3. XML “Uilliam Riaghallaigh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ní áirighim croidhe cráidthe
    bheith ag do mháithrín ná ag t-athair
    Ná ag banaltra na gcíoca bána
    Bhíodh ag tráct ort is tú i do leanbh
    Do bhean uasal Chiúin Chéile
    Do Chuaidh ag Réidhteach do Chinn
    Is dá luadhadh muid go h-óg le Chéile
    Nac truagh mar d'éag tú le mo linn
    An Chuimhneach lib an triúr úd a Chuaidh go Cill Choinnigh
    ag tiodhlachain an t-athair Peter
    bhí in aois a thrí fhicead
    Dhá Dtéighfeá go Cinn t-sáile
    Is an t-ádhmad a Ceannacht go daor
    Ní báthfaidhe Uilliam Raghallaigh
    Ar Chóstaí bhall "Bay"
    Tá a Chúilín ag Na Péiste
    Isa bhéilín ag na portáin
    Is adhá láimhin geala glégeal
    Faoi géar smacht na mbradán
    Cúig míle punt do bhéarfainn
    Don té a thóigfeadh mo ghrádh geal
    Is Nac truagh Sinn agus bean a h-aonraic
    A bhfuil a Céile i mbárr na tuinne
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Bríghid Ní Mhógáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Tuairín Mín, Co. na Gaillimhe