Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)
- Suíomh:
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Tomhnra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tuairín
- XML Leathanach 060
- XML “An Cheamach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Céad slán de bhliadhain an taca seo ba dheas i mo Chulaith Éadaigh
Bhí mé indon dul chun cainnte le uasal is le gaedhealach
Nó gur phós mé an Chiomach mar bhí cúpla bó de spré aice
Is d'fág sí fuar follamh mé 's mo chraiceann geal gan éadachD'eirigh mé ar maidin go dtéigheann ós cionn mo láighe
Ní bhfuair mé an teine faduighthe romham nó falach ar na páistí
Ní h-é sin féin a mharbhuigh mé dhá mhéid dá raibh mo dhólás
Ach mo leanbh bán ag sgreadach is an Chiomach i dteach na comharsanComhairle oraibh-se a bhuachailí an méid agaibh atá gan pósadh
Ná fágaidh bean mhaith 'nbur ndiaidh mar gheall ar bheith gan bó í
Nár bhfearr dhíb bothán glan agaibh le teacht isteach tráthnóna
Ná luaithe bhuidhe na seactmhaine dhá cur amach Dia DomhnaighTá sgéal ann-bheag le n-aithris agam is tá náire orm é innseacht
Bhí triúr nó ceathar fear agam ' tarraingt sláimín aoiligh
D'imthigh sise ar maidin mar b'faisiún léi dhéanamh
'S dheamhan a tháinic abhaile dhí go
tuitim ceo na h-oidhcheIarraim ar Dhia is ar Mhuire lá amáireach bheith 'na bháistigh
Is nár theighidh aon bhád ar fairrge ná leath bhealaigh go Dhoir' Fhárta
Mar fuair mé gloine fuisge ó Cailín na Cúile báine
Agus shíl mé go raibh mil uirthe ó tháinic sí trí mo lámha.- Bailitheoir
- Séamus Ó Tomhnra
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Pádraic Mac Donnchadha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Fhatharta, Co. na Gaillimhe