Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)
- Suíomh:
- Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus Ó Tomhnra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1
Lá dár sheol mé go h-innis meadhan
D'árduigh am gála agus d'athruigh an ghaoith
D'éirigh an fharraighe in a mealla bána
agus bhí gac ceann acu dul go bárr an érainn
2
Bhí dóchas mór a'am as Rí na glóire
Is ar Mhuire mháthair 'seadh leis má glaoidh
Ó chaith mé an ceann soir bhí m'anam sábháilte
Agus bhí fáilte mór romhain teacht a dtír
3
Ar cheíbh Cill' Romhnáin tá na fir is fiúnnta
Dá bhfuil faoin Euróip uilig le fágháil
Mar rinne siad "battery" is bailtí móra ann
Tá "Inside Port" ann le h-agháidh lung is ag báid.
4
Ní raibh aon bhreach ariamh i dtrólar
Nac raibh ar an ród le m'ais sa snámh
Tagann an eala bhán faoi dhó sa lo-ann
Tá bóthar cóiste ann agus jaunting car.
5
Ní dhéanfainn iongntas dhá bhfásfadh síoda
Ná croinnte fión'tríd an talamh bréagh
'Sé sliocht na n-aithreacha a d'éirigh ann dílis
Sean creideamh dílis a cheap Rí na ngrást
6
Ní chloisfear acrann ann mar cloisfisha i dtíortha
Ceol is spraoidh ann agus a déanamh spóirt
Nár thaghaidh lagar ortha ná galar claoidthe
Is am chuid atá sois ortha go raibh siad óg.- Bailitheoir
- Séamus Ó Tomhnra
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Pádraic Ó Landaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Tuairín Mín, Co. na Gaillimhe