Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
- XML Leathanach 283
- XML “Scéal Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- In Éirinn fadó bí ainm ar gach cinéal fataí ag na daoine. Ar cinéal ámhain thuigaidís an ainm Protastúinaigh.
La ámhain bhí buachaill óg ag siubhal an bóthair. Bhí mala' ghá iomchar ar a dhruim aige. Tar-éis tamaill chás Ministear na h-aite leis. "Dia Dhuith ars an Ministéar leis an mbuachaill. "Dia agus Muire dhuit" a dhuine uasaul ars an buachaill. Céard atá agat san mála sin atá ar do dhruim ars an Ministéar. "Próthastúinaigh" ars an buachaill. Shíl mé nár tughad an t-ainm sin ar rud ar bith acht ar na daoine ars an Ministear. "Níl fhios agam" ars an buachaill acht seo iad an cinéal fataí ar a dtugtar "Protastúnaigh". "Acht sí'l mise go raibh tusa in do Caoitileach" ars an ministear.
"Ó; tá mé in mo Chaoitileach ceart go leor" ars an buachaill, "acht bíod fhíos agat gur maith linn maitheasa a thabhairt ar díoghbháil, agus an bhfuil fhios agat freisin, nuair a rachas mise abhaile anois, cuirfidh mo mháthair na fataí seo síos ag bruith agus baindfidh sí an dochair asta."
Thosuigh an Ministear ag gáiridhe agus thóg sé píosa coróin as a póca agus tug go Seaínín é ag rádh "tá súil agam go bhfeiceadh mé arís thú sul(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe