Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)6.Brighid Ní Dhischín
Dubros,
Corr-na-Móna.
Tá neart Gaedhilge acu agus tá siad indon sgéalta innsint i mbéarla agus i ngaedhilg. Níl mórán sean-fothracha tighthe le feiceál san áit seo anois. Is gnáth le a lán daoine dul go Ameiriceá ón áit seo freisin. Níl ainm na h -áite in aon sgéal na in aon amhrán.Talamh maith cur atá sa gceanntar. Níl aon cuid de fá coill. Níl aon abha san áit acht tá loch amháin ann "Loch Coirib". Sé an caoí a dtáinig an loch sin ann, ná lá a bhí Mananán Mhic Lir, agus Uillin Mac Mic Nuidh-Aigid-Láimh, ag troid ag Mágh Cuillin i dtaobh seilbhe Connacht. Marbhuigheadh Mananán, agus nuair a cuireadh é brúcht an t-uisge aníos as an uaighe, agus rith sé treasna na tíre. As sin amach bhí loch ann.
Fuar mé an eolas seo ó m'athair
Sorcha Ní Shúilleabháin,
Sgoil-Cluain-an-Bhrúnaigh
Corr-na-Móna
3 - 5 - '38- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe