Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní bhíodh siopaí go flúirseach san áít fadó. Ceannuigheadh na daoine na rudaí a bhí ag teastáil uatha ins na siopaí. Théíghidís go dtí na siopaí ar chapall nó cáirr. Ní bhíodh mórán ag teastáíl ó na daoine an uair sin, mar fataí is mó a d'ithidís. Ní bhíódh earraidhe dha ndíol tar éis Aifrinn.Ní bhíodh airgead flúirseach fadó, acht mar sin féin is é a bhí acu 'ghá usáid. Ní malartuighdís earraidhe ar earraidhe eile, acht amháin coirce is fataí. Do thiubhradh na daoine laethannta oibre chun earraidhe. Gheibhidís coirce, cruithneacht nó fataí bfhéídir, do réír na laetheannta oibre.Bhíodh leisg ar dhaoine rudaí do dhíol nó do ceannacht ar an Domhnach, mar bhí faitchíos ortha go mbrisfaidís an saoire. Ar luan Cingcíse ní dhéanadh siad aon deargadh ar an talamh.Ní bhiodh aon margaidhe ann fadó, acht anois is arís bhéadh ceann i bpáirc mhóir fán dtuaith. Ní bhíodh aon earraidhe 'ghá ndíol ag na margaidhthe fadó, acht amháín ainmidhthe.Ní bhíodh mórán peidléírí ná hucstacírí ag dul thart fadó ag díol earraidhe. Éadaighe agus bioráin is mó a bhíodh acu 'ghá ndíol. Anois agus arís ceannuigheadh na daoine rudaí uatha. Bhíódh éadach i gcóír culaith 'ghá ndíol acu freisin, agus ceannuigheadh na daoine go leor éadach uatha.Bhiodh airgead fadó ann níos lugha ná leithpighinn ná feoirling. "Sgiúrtóg" a bhí níos lugha ná leithpighinn agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Mícheal Ó Súilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe