Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
- XML Leathanach 341
- XML “An Mhurúch”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Is minic a fheiceann's daoine maighdean mara. Chonnaic uncal de m'athair ceann fadó, in a suideh i bpluais i gcarraig. Nuair a chonnaic sise é, rith sé isteach san bhfairrge. Chuaidh seisean i bhfolach, agus nuair a bhí sí amuigh sa bhfairrge bhí sí ag iarraidh amhairc d'fhághail air. Dhá bhfeiceadh sí an uair sin é, bhéadh sé fá dhraoidheacht is bhéadh sé amuigh san bhfairrge léithí. Nuair a bhí si imthighthe as amharc, tháinig an fear abhaile slán.
Chonnaic na daoine i gConnamara maighdean mara in a suidhe ar charraig ar an tráigh anuraidh. Gealladh £4000 dóibh dhá bhfuighdís greim uirthí, acht ní raibh siad indon breith uirthi.
Tá daoine in a gcomhnuidhe in Inis Tuirc a raibh a n-aithreacha is a máithreacha ina maighdeanacha mara. Bíonn amhrán brónach ag an maighdean mara, nuair atá timpist le n-éirghe ar an bhfairrge. Bíonn siad ag caoineadh uaireannta freisin. Ní maith le duine ar bith an maighdean mara a cloisteál ag caoineadh.- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Shúilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 47
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe