Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bíonn paidreacha i mbéal na ndaoine ar ocáídí speisíalta agus seo iad:-
Le linn dóíbh duiseacht ar maidin deireann siad,"Go n-éirigheadh mé le Dia is go n-éirigheadh Dia liom"
Ag dul a chodhladh deirtear:-"Go luigheadh mé le Dia is go luigheadh Dia liom."Ceithre coirnéil ar mo leabaidh,
Ceithre aingil uithí sgarta
Ceithre coinnle uithi lasta,
Má fhághann bás anocht no ar maidin, i bhFlaitheas Dé go mbeídh mo leabaidh.
Ag coigilt na teine dóíbh deirtear:-"Coiglím an teine seo mar coigleann Críost cách
Brighid in a bhun is Muire in a lár,
Seacht n-aingil is fiche as Flaitheas na nGrást,
Ag cumhdach an tighe seo is daoine go lá."
Nuair a tosóchas duine ag obair, deirtear,"In ainm Dé an obair seo"
Nuair críóchnuigheas duine oibre deirtear:-"Go mbéidh deagh-chríoch ar an obair."
Seo paidir a deirtear ar fheicsint cuirpA Íosa Chríost, croidhe na truaighe tabhair suaimhneas síorraidhe dóibh-san agus dúinne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Shúilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 47
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe