Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó agus bhí triúr nac aige. Bhí ceann acú in a amadán agus bhí an bheirt eile an-ghlic.
Bhí an sean-fhear ag roinnt na talmhan orra annsin acht níor mhaith leis é a thabhairt don amadán. Chuir sé chuig teampall é a gcoinne sgíne agus tobac a d'fhág se in a dhiaidh ag sochraid.
Bhí taidhbhse bhán ins an teampall seo agus mharbhóchadh sé chuile dhuine a rachadh ann. Chuaidh sé ann agus thug sí na rudaí abhaile acht níor mhaith leis an talamh a thabhairt dó.
Chuaidh an sean-fhear chuig fear an-ghlic, abhí in áit eile don tír agus d'iarr air plean a thabhairt dó le go gcuireadh sé an tamadán as an talamh. Dubhairt an sean-fhear glic leis é a chur go coill mhóir i gcoinne sgoilibh. Bhí taidhbhse eile ina comhnuidhe sa gcoill seo agus mharbhóchadh sé chuile dhuine a rachadh ann. Chuaidh an tamadán ann agus thainig an taidhbhse chuige. D'iarr sé dhe céard a thug isteach ann é agus dubhairt se leis dul as go tapaidh. Dubhairt an tamadán nach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Murchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe