Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tomhaiseanna.
(1) Fiche bliadhain ag teacht. Fiche bliadhain ag fás. Fiche bliadhain go maith agus fiche bliadhain gon mhaith.? =(An Duine)
(2) Cé mhéid cos ar ucht muilt? =(Dhá chois.)
(3) Bain as, bain as, is rachaidh sé i méid. Cur leis, cur leis is imtheóchaidh sé ar fad (Poll)
(4) Meag-Meag taobh thuas do'n bhalla. Meag-Meag taobh thios do'n bhalla na bhac le Meag is ní bhacaidh Meag leat. (Neanntóg)
(5) Tá sé orm i gcomhnuidhe agus níl sé trom orm. (M'ainm.)
(6) Droichead ar loch gan cloich gan maide. (Leac-oidhre.)
(7) Dhá bhó mhaola ar chnoc na gaoithe
Ceann sa ló is ceann san oidhche.
(An Ghrian agus an Ghealach)
(8) Ceathar ag rith ceathar ag crith beirt ag féachaint beirt ag éisteacht agus tóbí ag tigheacht ar deireadh. (Bó.)- Bailitheoir
- Séamus Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Dúráithe, Co. na Gaillimhe