Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cuinneóg againn sa mbaile agus tá sí bordáil's trí troigh ar oirde.
Cuinneóg í a bhfuil loithne fhada aiste a bhíonns muid dhó noibrigheadh síos agus suas. Giúsach an tainm atá ar an ádhmad atá innte. Baineadh é i bportach Chornamónadh trí sgór bliadhain ó shoin.
Tá claibín uithre freisin leis an mbainne a choinneól síos innte.
Tá go leór pisreóga ag baint leis an gcuinneóig. Cuirtear splanc fúithe nuair a bhíonns siad ag déanamh maistreadh. Má thagann aon nduine isteach agus iad ag déanamh maistreadh ní ceart é a leigeann amach gan cupla dreas a bhualadh air mar ghoidfeadh duine ecínt an tim as an teach.
Déanamh muid maistreadh dhá uair gach seachtmhain. Nuair a bhíonns an tim déanta tógann muid aníos as an gcuinneóig le spáidín ime í agus cuirean muid isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Breathnach
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Mulruaidh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- An Cheathrú Chaol, Co. na Gaillimhe