Scoil: An Fháirche (Buachaillí)
- Suíomh:
- An Fhairche, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Énrí Ó Máille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí tighearna talmhan ann tamall ó shoin. Tighearna Árdoileán an t-ainm a bhí air. Bhí sé in a chomhnuidhe I gcaisleán Ceapachorcóige. Bhí ós cionn trí chéad tionóntaí sa duichthe a bhí aige, bhí go leór aca an bhocht agus bhí sé an-chruaidh ortha an chios a íoc mar bhí an chios mór ortha an t-am sin. Nuair a bhiodh tionóntaí bochta ann nach mbeadh I ndon an cios a íoc chuireadh báillí an tighearna amach iad. Dá mbeadh gabhaltas ar bith ag tionónta a bheadh ag teastáil ón tighearna caithfheadh sé é a thabhairt suas dhó agus is minic a gheobhfadh sé droch ghabhaltas in a áit. Bhí dúichthe an tighearna ó Tír na Cilleadh go Cunga. Bhí go leór gan dúichthe faoí choill aige.
- Bailitheoir
- Seán Ó Cadhain
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Cadhain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50