Scoil: An Drom Clochach (B.)

Suíomh:
Drom Cloch, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Pártholán Ó Ruadhacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0408, Leathanach 050

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0408, Leathanach 050

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Drom Clochach (B.)
  2. XML Leathanach 050
  3. XML “Áiféis na Blách”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus do chromas ar é do fhuadhadh. Nuair a bhí sé fhuaighte agam do líonas é le cruithneacht agus an dóigh bat an mó den chruithneacht a chuireas isteach ins an gcroiceann an dreanncaide. Do chuireas seacht peice den cruithneacht isteach a gcroiceann na dreanncaide. Nuair a bhí sé ullamh agam chun é breith go dti an muilean chun é mheilt chuas ad iarraidh. Capaillín bán a bhí sa bhfeirm. Chuireamar na seacht picí den cruithneacht in áirde ar dhrom an chapaillín bháin. Bhí abha mhór idir mé agus an muilean agus bhí orm í ghabháil. Nuair do bhíos i lár na habhann fuair mo chapaillín bán barra thuisle agus le na lenn sin do thuit croiceann na dreanncaide isteach san abhainn agus do phléasc sí. Siád leis an cruithneacht go léir síos leis an dtuile. Dubhart ná beinn na leithéid de slighe ar feadh mo shaoghail arís. Do chromas ar bheith ag bailiú cloch. Nuair a bhí na clocha bailighthe agam dubhart go ndéanfainn droichead. Nuair a bhí na clocha agus gach aon ní
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    Teanga
    Béarla
    Bailitheoir
    Parthalán Ó Ruadhacháin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)