Scoil: An Drom Clochach (B.)
- Suíomh:
- Drom Cloch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pártholán Ó Ruadhacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus do chromas ar é do fhuadhadh. Nuair a bhí sé fhuaighte agam do líonas é le cruithneacht agus an dóigh bat an mó den chruithneacht a chuireas isteach ins an gcroiceann an dreanncaide. Do chuireas seacht peice den cruithneacht isteach a gcroiceann na dreanncaide. Nuair a bhí sé ullamh agam chun é breith go dti an muilean chun é mheilt chuas ad iarraidh. Capaillín bán a bhí sa bhfeirm. Chuireamar na seacht picí den cruithneacht in áirde ar dhrom an chapaillín bháin. Bhí abha mhór idir mé agus an muilean agus bhí orm í ghabháil. Nuair do bhíos i lár na habhann fuair mo chapaillín bán barra thuisle agus le na lenn sin do thuit croiceann na dreanncaide isteach san abhainn agus do phléasc sí. Siád leis an cruithneacht go léir síos leis an dtuile. Dubhart ná beinn na leithéid de slighe ar feadh mo shaoghail arís. Do chromas ar bheith ag bailiú cloch. Nuair a bhí na clocha bailighthe agam dubhart go ndéanfainn droichead. Nuair a bhí na clocha agus gach aon ní(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Parthalán Ó Ruadhacháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)