Scoil: An Drom Clochach (B.)
- Suíomh:
- Drom Cloch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Pártholán Ó Ruadhacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Drom Clochach (B.)
- XML Leathanach 060
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Bhí baintreabhach mná ann fadó.”
Bhí baintreabhach mná ann fadó. Is minic a bhí agus beidh go deó. Do Chómhnuigh sí da dtaobh thior de Gleann Innse. Bhí nac amháin aici. Do bhaist sí Seán Ó Súilleabháin ar a mhac mar bin é an ainm a bhí ar a athair. Ní raibh aon tslighe bheatha aca chun iad féin do chothú ach cnósach trágha agus dorn gabhar. Bhí an leanbh so seacht mbliadhna insa chliabhán gan aon choisíocht ná focal cainnte. D'imthigh an mháthair ar maidin agus a canna aici ag crúdh na ngabhar. Nuair a chuaidh sí fé dhéin na ngabhar seadh chonnaic sí an madarúadh ag fagaint na ngabhar agus nuair do chuaidh sí chucha seadh fuair sí ceann dos na ghabair marbh ag an madaruadh. Chuir sí a canna bainne ar mhullach a cinn agus a gabhar thiar ar a drom. Do chrom sí ar gol go marbhúchadh sé na gabhair agus go gheaillfí Seán le tart is le hocras. Bhain sí an croicean den ghabhar agus do chuir sí ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Parthalán Ó Ruadhacháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Ruadhacháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Baile Dubh, Co. Chiarraí