Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Naoi gcéad déag FáilteSean amhrán diadha nach fiosach cé hé a ughdar é seo atá tagaithe anuas ó bhéal go béal i gCorca Dhuibhne. Tá a mhalairt do leagain ar bhéarsaí ann ag daoine..Míle naoi gcéad déag míle fáilte naoi n-uaire is fiche,
Roimh Mac Dé na Glóire is na Maighdine Muire,
Do rugadh na broin órdha na Dhia is na dhuine,
A's gurbh ar oidhche Nodhlag Mór seadh rugadh Rí cheart na righthe.
II
Agus hocht lá na dhiaidh san a nglaodhtar Lá Coille air,
I dteampull na Tríonóide mar ar doirteadh an fhuil mhilis,
D'á chur in iúil dúinne gur scéala é a bhí chuige,
Ag fulang na daor pháise is ag iomchur na croise.
III
Is mo ghrádh-sa an Mhaighdean Ghlórmhar 'sí an Mhaighdean chómhachtach í ró-gheal,
A dhá bais aici 'á phleascadh ia a deoracha na fuil,
Nuair a dhoirchig na spéartha is an spéir geal do dhuibh,(leanann ar an chéad leathanach eile)