Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 317

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 317

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 317
  3. XML “Muirisín Bán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Eibhlís Bean Uí Ceárna (60) a thug dom é seo.
    1.
    A Mhuirisín Ban ó dhubhrais bréag liom
    Go mbeidhfeá annseo romham ag crudhadh (cró adeir daoine) na gcaorach;
    Do chuadhas annsúd is do leigheas glaoidh ort,
    Ach ní bhfuaireas rómham ach an t-uan ag méighleach.
    2.
    Is a Mhuirisín Bán níor iarrais leat mé,
    Is go deimhin d'á n-iarrfá do raghainn ar fad leat,
    Do raghainn fé'n gcoill chraobhaig siar ó dheas leat,
    Is a dhuine gan gaol, nach mór mo ghean duit.
    3.
    A Mhuirisín Bán do b'fhearra dhuit mise 'gat,
    Ná bean a bheadh uasal, fuadrach, mustrach,
    Crúdhfainn bó dhuit, is dhéanfhainn cuigeann duit,
    Is d'á mba ghadh é do bhuailfhinn buille duit.
    4.
    Do bhainis thoir is do bhainis thiar díom
    Do bhainis radharc na móna sa tsliabh díom,
    Do bhainis an ghealach, is do bhainis an ghrian díom,
    Is is é mo mór eagla gur bhainis Dia dom.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eibhlís Bean Uí Ceárna
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60