Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ó Mhícheál Ó Guithín, An Bloscaod Mór a chuala an scéal so. Is fada an lá ó chuala sé á aithris é agus sean bhean a bhí in aois a cheithre fichid. Ní mhaireann an tseana bhean san. Cailleadh í timcheall fiche blian ó shin.Bhí bainntreach ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici. Garsún breágh ab' eadh é agus bhí borradh laé is oidhche le thabhairt fé ndeara ann fé mar d'fás sé suas. Ag aoidhreacht ghabhar a chaitheadh sé an lá a's é óg.
B'ait leis an saoghal leadránach a bhí 'á chaitheamh aige. Dubhairt sé le na mháthair go raghadh sé amach ag soláthar a fhortúin do féin. Dubhairt sí go n-imtheóchadh sí féin in aoinfheacht leis agus ná leigfheadh sí as radharc a súl do ló ná oidhche é. D'imthigheadar. Bhí oidhche annso a's eadtrath annsúd acu.
Chuadar isteach i gcoill mhór dhiamhair. Dhall na crainn amach iad agus ní fheadradar ca raibh soir ná siar. Chualadar fothrom mór agus iad i bhfad isteach sa choill. Tháinig fathach mór groidhe fá na ndéin agus chuma ana shásta air.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Míceál Ó Guithín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí