Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 306
- XML “Seán Ó Duibhir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ó Pádraig Ó Guirín a chuala é seo, agus is annamh a chloistear mar sea é i gCorca Dhuibhne. ----------Éistidh liomsa sealadh, go neosfadh duit cé cailleadh,
'Sé Seán Ó Dhuibhir an Ghleanna a's gan trácht ar a ghéim,
Go bhfuil achoin is a chapall go doimhin i gcré d'á chartadh,
Is nach fios cár ghaibh an t-anam a bhí in árus a chléibh. II
Cár ghaibh, Pádraig an tAspol a bhí in Éirinn ag teagasc,
Ag tabhairt úsáid na teangan, chun í a roinnt ar an saoghal,
Do dh'íbir draoithe is danar, is do chlaoidh an peaca,
As a nolighche súd do chaitheamh as inntinn gach n-aon. III
Gach Pápa naomhtha do ceapadh sa Róimh ó aimsir Pheadar,
Fuair coróinn is cómhacht ar talamh is grásda ó Mac Dé;(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Guithín
- Inscne
- Fireann