Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Mhaighdean Mhara.Scéal é seo a scríbh leanbh scoile. Chuala sé ag a athair--Muiris Ó Conchubhair é. Tá Cluthar in iarthar Co. Chiarruidhe. Deirtear gur fíor an scéal é agus creideann daoine fós go bhfuil an mhaighdean mhara so ag tabhairt cuaird ar an dtráigh.
Comhnuigheann Muiris Ó Conchubhair ins an Oileán Tiar agus tá sé timcheall cúig mbliana a's trí fichid d'aois.
Sá tsean aimsir bhí fear in a chomhnuidhe i gCluthar i dtigh beag cois imeall na trágha. Lá amháin chuaidh sé síos ar an dtráigh. Do chonnaic sé bean áluinn ina suidhe ar charraig agus í ag cíoradh a cuid gruaige. Do bhí drom na mná leis an bhfear agus taobh thiar dhá drom bhí brat áluinn de shíoda buailte ar chloich.
D'ealuig an fear síos agus do ghoid sé an brat agus siúd abhaile é. Do lean an bhean é agus dubhairt leis "tabhair dom mo bhrat go raghad abhaile." Ach ní thabharfhadh an fear an bhrat di. Chuaidh sí go tig an fhir agus chuir seisean an brat i bhfollach. Ni raibh aon dul ar imtheacht aici gan an brat. Phós an fear í agus mhaireadar go sásta ar feadh tamaill. Bhí ceathrar cloinne acu.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Conchubhair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 65
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí