Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 354
- XML “Mo Sheanduine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- A ríogan m'anama m'acfuinn má's méinn leat,
Geóbhair aer gach margaidh ar síor grianán,
Cuirfead seál daor dathach casta go glúine ort
Agus bróg chaol canta go mbeidh téip na brághaid.
Ceangal ár bpósta a stór mar gheallais dom,
Is faid a bhead beó aon ghleó ní bheidh eadtrainn,
Is ná leigfeá go deó me ag siúbhal bhóithre ag lealaireacht,
Trom críonna aindhis gan bhrigh im' chnámh.Dá gcuirfeá mise igcóisdí ag siubhal bhóithre ag lealaireacht,
Agus ór buidhe thabhairt i gcúl mo la-mha dom
Ní fheadfhainnse bheith ag éisteacht le claonairt seanduine
A bhíonn san oidhche ag cneadaig a's ag síor channrán.
Rachad go deimhin im' bhaidhbre mearathaill,
Ag siubhal na gcoillte mar a bhfaghfar scartha me
'Sé an seanduine crúnca do dhúbhaidh mo leaca-sa
Mo chroidhe a thug taithneamh do'n óig fear breágh.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60