Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 200
- XML “An tSlat Draíochta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ó Mháire Ní Cheárna a fuaireas an scéal so leis. Chuala sí ó na máthair é tá timcheall trí fichid bliain ó shoin. I nDúnchaoin a chuala seisean an scéal.Bhí baintreabhach bocht fadó ann agus bhí triúr inghean aici. Bhí an bheirt ba shine acu ana mhustrach a's an-réim chúcha, ach bhí an ceann óg ana lághach agus b'í peata a máthar í.
Bhí an inghean óg a's a mháthair ina suidhe cois teine lá, agus dubhairt an mháthair léi go mb' fearra dóibh dul suas ar an gcnoc ag bailiú olna. D'imthigheadar. D'fhan an bheirt eile istig ag deanamh aráin. Mheileadar punnan choirce ar an mbróinn agus dheineadar plúr dó, mar sin a dheinidís i gcómhnuidhe. Bhailig an bheirt ar an gcnoc lán aprúin do'n olainn. Thánghadar abhaile agus d' itheadar biadh agus thosnuig an mháthair ag cárdáil na holna.
Bhí mac rí i ngiorracht do'n dtig acu agus bhí an éirim ins an mbeirt chailíní chríonna agus seadh a bhíodar 'á fheachaint le chéile feachaint ce'cu go mbeadh mac an rí acu.
Bhí súil acu le mac an rí lá agus chuireadar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Cheárna
- Inscne
- Baineann