Scoil: Smerwick (B.)
- Suíomh:
- An Mhuiríoch, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Dd. Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Smerwick (B.)
- XML Leathanach 607
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mbaile.
Oidhche amháin agus é cois na teineadh thainig cnag go dtí an ndoras agus d'oscail an cailín aimsire an doras. Bhi bean dhubh dhothallach air thaoibh an dorais agus d'iarr sí loistín na h-oidhche ar an sagart.
Scaoileadh isteach í agus do suidh sí cois na teineadh. I gcionn tamaill thug an sagart fé ndheara go raibh an bhean ag athrúghadh ana mhór ar fad ó tháinig sí isteach. Tamall na dhiaidh sin thug an sagart fe ndheara go raibh sí iompuighthe ina madra mór dubh agus thug sé iarracht ar leabhar an phortúis a leagadh a lámhaibh an t-sagairt , ach níor d'eirig leis é deanamh.
Thug an sagart fe ndheara arís go raibh an gadhar ag iompódh na sholas, agus nuair ná raibh eaga aige caoineamh d'imthig sé na splannc suas an t-shimné. Dúbhairt an sagart gur b'é andiabhal a bhí ann, agus chuaidh sé thar-nais abhaile go tíghe a dreabhtháir, agus d'innis sé dho cad a thárla do sa tig osta agus chómhnuig sé sa tig as san amach.- Bailitheoir
- Pádraig Ó Séaghdha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Séaghdha
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Baile na nGall, Co. Chiarraí